20683Refused
Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
Le haghaidh Chéim 1 den fhorbairt leanúnach ar an bpáirc nuálaíochta mara Páirc na Mara ar láithreán athfhorbraíochta a bhfuil limistéar foriomlán de thimpeall 9 heicteár i gceist leis. Tá limistéar de 25.2 heicteár i gceist le teorainn iomlán an iarratais. Tá roinnt áiseanna tionsclaíocha mhuirbhunaithe i gceist leis an bhforbraíocht, mar aon le háisteanna oideachais agus taighde i gCill Chiaráin, Contae na Gaillimhe sna bailte fearainn Cill Chiaráin, An Aird Mhóir agus Caladh Mhaínse. San áireamh san fhorbraíocht tá astarraingt uisce ó Loch Scainimh, é a aistriú chuig Loch an Iarainn agus a stóráil go sealadach inti, é a ghaibhniú agus a phumpáil chug láithreán Pháirc na Mara le príomhphíobán aníos. Is sna bailte fearainn Caladh Mhaínse agus Cill Chiaráin atá na hastarraingtí lonnaithe. Thug Comhairle Contae na Gaillimhe cead pleanála roimhe seo i leith gníomhaíochtaí dobharshaothrú-bhunaithe ar an láithreán iarratais ag Páirc na Mara in 2002 (Tagairt Pleanála: 01/2584) agus tógadh an chéad chéim den pháirc nuálaíochta in 2005. Mar thaca don iarratas seo tá máistirphlean a mbeidh 2 cheann de chéimeanna faoina réim agus tá cead 10 mbliana á lorg le haghaidh Chéim 1. Tuilleadh Sonraí san iarratas féin. In éineacht leis an iarratas pleanála seo tá Ráiteas Tionchair Natura ('RTN') agus Tuarascáil ar an Measúnacht Tionchair Timpleallachta ('TMTT'). Spás urláir comhlán na n-oibreacha beartaithe i: 31.975sqmGrounds not yet categorisedDecision12 July 2021View record